Skip to main content
Published Lúnasa 2024

Dréachtpholasaí Gaeilge

Cúlra

  1. D'fhoilsigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ('an Chomhairle') a céad Pholasaí Teanga in 2006. Léiríonn sé sin a thiomantas don Ghaeilge agus don Ultais a úsáid i gcomhfhreagras leis an phobal má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh le tacú le hoidhreacht agus traidisiúin na bpobal teanga éagsúla atá ina gcónaí sa chathair.
  2. De bhreis ar a Polasaí Teanga bunaidh, in 2018 ghlac an Chomhairle le Straitéis Teanga 2018 - 2023.  Ag teacht le fís fhadtéarmach na Comhairle don chathair, mar atá leagtha amach i gClár Oibre Bhéal Feirste, tá sé mar aidhm ag an Straitéis áit a chruthú ina ndéantar ceiliúradh agus ina léirítear meas ar éagsúlacht teanga. Tá sé mar aidhm aici mar Straitéis fosta áit a chruthú ina dtig leo siúd a chónaíonn i mBéal Feirste agus a oibríonn ann agus a thugann cuairt air a bheith ag dúil le teacht ar a bhfuil ar fáil i mBéal Feirste agus na cineálacha teanga a bhfuil cur amach acu orthu agus a mbíonn siad ar a gcompord leo a úsáid. Is iad seo aidhmeanna na Straitéise:
  • Tabhairt faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le teanga agus cumarsáid mar chuid de thorthaí Chlár Oibre Bhéal Feirste;
  • Sraith thrédhearcach prionsabal a bhunú le héagsúlacht teanga na cathrach a chur chun cinn, a chosaint agus a fheabhsú;
  • Próifíl na dteangacha éagsúla mar aon le feasacht agus tuiscint ar chultúir, oidhreacht agus traidisiúin a théann leo a mhéadú;
  • Dul i dteagmháil le pobail teanga le haghaidh a thabhairt ar bhacainní teanga agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn trí theangacha éagsúla a fhorbairt agus a bheith mar chuid de ghnáthshaol na cathrach;
  • Dea-chaidreamh a fheabhsú sa chathair trí éagsúlacht teanga a chur chun cinn agus tábhacht na teanga i stair agus i gcultúr na cathrach a cheiliúradh;
  • Aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna foirne agus forbartha acmhainní i leith an róil a bhíonn ag éagsúlacht teanga san ionad oibre agus i seirbhísí a chur ar fáil.
  • Oibriú i gcomhpháirtíocht le héagsúlacht teanga a chur chun cinn ar fud na cathrach, le bogadh lenár bhfís chomhroinnte don fhás cuimsitheach a fhíorú, fís a chuimsíonn achan duine.
  1. Agus an Straitéis Teanga á glacadh aici, bhí an Chomhairle airdeallach ar dhualgais agus ar chaighdeáin dhlíthiúla idirnáisiúnta agus náisiúnta atá leagtha amach in Aguisín a hAon. Bunaíodh í fosta mar thoradh ar an éileamh ar úsáid mhionteangacha agus ar aiseolas ó chomhairliúchán leathan.
  2. Tá an Ghaeilge mar chuid de shaibhreas agus d’oidhreacht chultúrtha chomhroinnte gach duine a chónaíonn i mBéal Feirste agus is í an chéad teanga í ag comhphobal saoránach atá ag fás inár gcathair. 
  3. Deirtear sa Chairt Eorpach um Theangacha Mionlaigh nach meastar gur gníomh idirdhealaithe i gcoinne úsáideoirí teangacha níos forleithne é bearta speisialta a ghlacadh i bhfabhar teangacha réigiúnacha nó mionlaigh atá dírithe ar chomhionannas a chur chun cinn idir úsáideoirí na dteangacha sin agus an chuid eile den daonra nó bearta a thugann aird chuí ar a gcoinníollacha sonracha.
  4. Is sa chomhthéacs sin atá a Polasaí Gaeilge forbartha ag an Chomhairle.
Read aloud icon Read aloud